Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)
- Suíomh:
- Mín an Bhealaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Bhealaigh
- XML Leathanach 70
- XML “Cill na mBan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- “Cill na mBan”.
Seo an tainm atá ar sean roilig atá san taobh uchtar de’n baile a dthugtar “brácaigh” air. Tá an baile seo suidte i bParáiste ÁrdaRátha i gconndae Thír Chonaill, agus tá an tsean roilig fa thuairim leach-mhíle ón mbaile mór.
Seo an scéal atá innite fan chill seo.
San am fad ó nuair a bhí na Fiana in Éirinn bhí cáislean adhmuid aca cómhgarach do’n áic seo. Bhí siad amuigh a seilg lá amháin, mar ba ghnáthach leo, agus d’fág siad feor amháin san cháislean mar gárda. Bhí scaifte ban san caislean fosta.
Lá an te a bhí ann agus bhí an fear seo na shearamh taobh amuigh den doras agus píce in a láimh aige. I gcuinn tamaill thuic sé na chodhladh. Tháinig cuid de na mnaibh amach ar an dún. Thug siad fa dear caidé mar bhí an scéal agus rinne siad suas go ni mreochaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac a' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Coilleadh, Co. Donegal