School: Cróibh (roll number 14566)

Location:
Crove, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Choilín

Filter stories

Back
/ 163 Forward
Resolution: Low | High
Baintreach Mná

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Baintreach mná a bhí ina cónai i nGleann fad ó shin agus tháinig oíche sneachta. Ba ghnáthach leis na páistí a dhul amach gach uile oíche fá choinne bainne do'n suipear. Ach an oíche seo nach rabh siad ábalta dhul amach. Nuair a bhí an suipear bruithte aca rinne bó búir ag an doras. D'fhosgail siad an doras agus tháinig bó isteach a rabh úth mór bainne aici. Bhlich siad an bhó agus bhí fuighleach bainne i ndiaidh an suipear. Ní rabh bó ar bith ach í agus choingidh siad í go rabh naoi mba aca. Ach lá amháin nuair a bhí siad ag déanamh na cruaiche féir shíl siad nach mbéadh go leór féir aca fá choinne na ba agus shíl siad go mb'fhearr daobhtha an croiceann a bhaint de'n sean bhó ná í a dhíol nuair nach bhfuigheadh siad dadaigh uirthi. Lá thar na bhárach sgaoileadh amach na ba. Rinne an sean bhó búir. Thóg na ba eile a gcinn, leann siad an sean bhó isteach sa'n Pholl Ghorm i nGleann agus níor phill siad ní budh mhó.

(continues on next page)
Collector
Seosamh Ua Canainn
Gender
male
Address
Crove, Co. Donegal
Informant
Seán Ó Baoighill
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Meenacurrin, Co. Donegal
Language
Irish