Scoil: Cróibh (uimhir rolla 14566)
- Suíomh:
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Choilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cróibh
- XML Leathanach 158
- XML “Baintreach Mná”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Baintreach mná a bhí ina cónai i nGleann fad ó shin agus tháinig oíche sneachta. Ba ghnáthach leis na páistí a dhul amach gach uile oíche fá choinne bainne do'n suipear. Ach an oíche seo nach rabh siad ábalta dhul amach. Nuair a bhí an suipear bruithte aca rinne bó búir ag an doras. D'fhosgail siad an doras agus tháinig bó isteach a rabh úth mór bainne aici. Bhlich siad an bhó agus bhí fuighleach bainne i ndiaidh an suipear. Ní rabh bó ar bith ach í agus choingidh siad í go rabh naoi mba aca. Ach lá amháin nuair a bhí siad ag déanamh na cruaiche féir shíl siad nach mbéadh go leór féir aca fá choinne na ba agus shíl siad go mb'fhearr daobhtha an croiceann a bhaint de'n sean bhó ná í a dhíol nuair nach bhfuigheadh siad dadaigh uirthi. Lá thar na bhárach sgaoileadh amach na ba. Rinne an sean bhó búir. Thóg na ba eile a gcinn, leann siad an sean bhó isteach sa'n Pholl Ghorm i nGleann agus níor phill siad ní budh mhó.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seosamh Ua Canainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cróibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Baoighill
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Churraoin, Co. Dhún na nGall