School: Cróibh (roll number 14566)

Location:
Cróibh, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Choilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cróibh
  2. XML Page 160
  3. XML “Meg agus Micí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt – lánamháin – ann aon uair amháin a b’ainm daobhtha Meg agus Micí. Bhí siad bocht agus ní rabh muirighin ar bith aca acht iad fhéin. Lá amháin, arsa Meg le Micí “caidé a deánfaidh muid a Mhicí, ionnus go mbéidh muid saidhbhir”. “Bal” arsa Micí, níl fhios agam. Bhfuil fhios agat, a Mheg, dá ngoidfinn gluaistéan b’feidir go ndeánfainn rud éigin air. Go díreach tá an fhírinne agat, a Mhicí. D’fág an bheirt aca an teach agus shiubhal leobhtha ar feadh fada go leór. Fa dheireadh chonnaic siad gluaistean ar thaoibh an bhealaigh mhóir agus isteach leis an bheirt. Thiocfadh le Micí é a thiomaint agus d’imthigh leo. Tháinig siad fhad le stáisiún agus chonnaic na gárdaí iad. Bhí fhios go maith aca nach rabh Meg agus Micí ábalta spanóg a cheannacht ní amháin gluaistean agus b’éigin daobhtha an gluaistean a thabhairt suas.
    Cuireadh isteach na phrísosún iad go dtainic lá na cúirte agus bhí Meg agus Micí annsin. Sgairt an breitheamh ar an bheirt, agus aníos leobhtha. Bhí an gárda annsin a fuair greim ortha comh maith. “Bal”, arsa an breitheamh, “caidé tá le rádh agatsa, a Mhicí, cualaidh mé gur ghoid sibh gluaistean”. “Bal”, arsa Micí, deir siad sin i gcas ar bith”. Arsa an breitheamh “níl faill agam an t-am a chaitheamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Dhuibhidhir
    Gender
    Female
    Address
    Cróibh, Co. Donegal
    Informant
    Brian Ua Duibhidhir
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cróibh, Co. Donegal