School: Cróibh (roll number 14566)

Location:
Cróibh, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Choilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cróibh
  2. XML Page 137
  3. XML “Scéal - Peadar Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Peadar Mór . Ba ghnáthach leis a bheith ag deánamh póitín , agus dá dhíol ins na Cealla Beaga. Bhí sé fhéin agus a athar agus a dhéirbhshiúr ag deánamh réidh le h-imtheacht le trí cheig poitín . Shuidh Peadar faoi an fhuinneóig go mbainfeadh sé an fhéasóg dó fhéin sul a n-imtheochadh siad. Acht nuair a bhí sé leath réidh , tháinigh triúr de na gárdaí síothchana isteach agus arsa siadsan le Peadar "Fhad a's rith tú tá tú gabhta sa deireadh .'Tcím go bhfuil" arsa Peadar , acht le mur dtoil tabharaigidh faill damh an fhéasóg a bhaint damh féin.
    Nuair a bhí sé réidh nigh sé a éadan agus nuair a bhí sé ag dul suas an t-urlar léim fear , aca air go ndeánfadh sé príosúnach de , acht bhuail Peadar dorn air agus leag sé é. Annsin léim an fear eile air acht rinneadh an cleas céadhna leis sin fosda . Annsin léim an tríomhadh fear air agus bhuail Peadar dorn airsean fosda . Bhí an triúr na luighe ar an urlar agus iad na gcodhladh . Agus arsa Peadar le na dhéirbhshiúr "creidim go bhfuil fhios agatsa áit a gcuirfhea na trí gunna sin san chruth nach bhfeicfeadh aon nduine a choidhche iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Collector
    Seosamh Ua Canainn
    Gender
    Male
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ua Baoighill
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Churraoin, Co. Donegal