School: Cróibh (roll number 14566)
- Location:
- Cróibh, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Choilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cróibh
- XML Page 158
- XML “Baintreach Mná”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Baintreach mná a bhí ina cónai i nGleann fad ó shin agus tháinig oíche sneachta. Ba ghnáthach leis na páistí a dhul amach gach uile oíche fá choinne bainne do'n suipear. Ach an oíche seo nach rabh siad ábalta dhul amach. Nuair a bhí an suipear bruithte aca rinne bó búir ag an doras. D'fhosgail siad an doras agus tháinig bó isteach a rabh úth mór bainne aici. Bhlich siad an bhó agus bhí fuighleach bainne i ndiaidh an suipear. Ní rabh bó ar bith ach í agus choingidh siad í go rabh naoi mba aca. Ach lá amháin nuair a bhí siad ag déanamh na cruaiche féir shíl siad nach mbéadh go leór féir aca fá choinne na ba agus shíl siad go mb'fhearr daobhtha an croiceann a bhaint de'n sean bhó ná í a dhíol nuair nach bhfuigheadh siad dadaigh uirthi. Lá thar na bhárach sgaoileadh amach na ba. Rinne an sean bhó búir. Thóg na ba eile a gcinn, leann siad an sean bhó isteach sa'n Pholl Ghorm i nGleann agus níor phill siad ní budh mhó.(continues on next page)
- Collector
- Seosamh Ua Canainn
- Gender
- Male
- Address
- Cróibh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Baoighill
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Churraoin, Co. Donegal