School: Cróibh (roll number 14566)
- Location:
- Cróibh, Co. Donegal
- Teacher: Máire Ní Choilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cróibh
- XML Page 138
- XML “Scéal - Peadar Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí loch ar an bhaile, agus thug sí léithe iad agus chaith sí isteach san loch iad. Annsin d’imthigh an triúr leis na ceigeannaibh poitín. Ní theachfaidh an cailín acht giota beag de’n bhealach agus d’iomchar an t-athair agus an mac na ceigeannaibh atharna giota go rabh siad ins na Cealla Beaga.
Mhuscail na gárdaí lá thar na bhárach agus d’imthigh siad a bhaile. Nuair a phill Peadar a bhaile bhí na gárdaí uilig na dhiaidh agus b’eigean dó a dhul ar a sheachnadh. Bhí ministir i mBaile-an-Droichid a bhí le Bat mar ainm air, agus chuir sé sgéala chuig Peadar go rabh gnoithe aige leis. Chuaidh Peadar fhad leis agus nuair a chuaidh sé isteach labhair an mhinistir agus dubhairt sé. “Tá lúthghair orm go bhfuil tú gabhta san deireadh”. “An dtabharfa do lámh damh go bhfuil sin fíor” arsa Peadar. Bhéarfainn”, arsa’n ministir agus thug. Ní luaithe a fuair sé greim ar láimh an mhinistir ná thoisigh sé ag teannadh uirthí. Diarr an mhinistir air a lámh a leigint amach. Dubhairt seisean go leigfeadh dá ngealladh sé nach n-amharcochadh na dhiaidh níos mó. Dubhairt seisean go ngeallfadh. Annsin chuaidh Peadar a bhaile agus níor amharc siad na dhiaidh ní budh mhó.(continues on next page)- Collector
- Seosamh Ua Canainn
- Gender
- Male
- Address
- An Charraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ua Baoighill
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Mín an Churraoin, Co. Donegal