School: Cróibh (roll number 14566)

Location:
Crove, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Choilín

Filter stories

Back
/ 163 Forward
Resolution: Low | High
Cróibh | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Peadar Mór . Ba ghnáthach leis a bheith ag deánamh póitín , agus dá dhíol ins na Cealla Beaga. Bhí sé fhéin agus a athar agus a dhéirbhshiúr ag deánamh réidh le h-imtheacht le trí cheig poitín . Shuidh Peadar faoi an fhuinneóig go mbainfeadh sé an fhéasóg dó fhéin sul a n-imtheochadh siad. Acht nuair a bhí sé leath réidh , tháinigh triúr de na gárdaí síothchana isteach agus arsa siadsan le Peadar "Fhad a's rith tú tá tú gabhta sa deireadh .'Tcím go bhfuil" arsa Peadar , acht le mur dtoil tabharaigidh faill damh an fhéasóg a bhaint damh féin.
Nuair a bhí sé réidh nigh sé a éadan agus nuair a bhí sé ag dul suas an t-urlar léim fear , aca air go ndeánfadh sé príosúnach de , acht bhuail Peadar dorn air agus leag sé é. Annsin léim an fear eile air acht rinneadh an cleas céadhna leis sin fosda . Annsin léim an tríomhadh fear air agus bhuail Peadar dorn airsean fosda . Bhí an triúr na luighe ar an urlar agus iad na gcodhladh . Agus arsa Peadar le na dhéirbhshiúr "creidim go bhfuil fhios agatsa áit a gcuirfhea na trí gunna sin san chruth nach bhfeicfeadh aon nduine a choidhche iad.

(continues on next page)
Collector
Seosamh Ua Canainn
Gender
male
Address
Carrick, Co. Donegal
Informant
Seán Ua Baoighill
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Meenacurrin, Co. Donegal
Language
Irish