School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 328

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 328

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 328
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aige i gcionn cupla bliadhan acht é.
    Dubhairt sé liom fosta gur bhéigin duithé siubhal soir na Pruchlais (10 míle ar shiubhal) áit a rabhtar a’ diól mine buidhe fiachailt an dtiocfadh léite cupla cloch a cheannacht. Ní rabh sé acht 12 61. na trí bliadhna déag san am, cinnte bhí daoine eile léithe soir, acht nuair a thainic siad fhad leis an áit a rabh siad ag tabhairt amach na mine ní tháinig léithe gabhail asteach leis an sluagh daoine a bhí ag fanacht annsin go dtí sa deireadh gur ghlac cuid de na feasaibh truaighe oirthí agus chuir siad an mála a bhí leithe asteach o’ duine go duine agus ar rughin a’ peatha. Fuair sé dá chloich, leath-coroin an chloch a thug sí oirthí. Bhí aicí-se le gabhail na bhí a h-athair amuigh ag iasgaireacht.
    Nios maille na sin anois, bhí soitheach mór iarainn (Boiler) ins an phorraiste seo ag deanádh réidh brachain bhuidhe. Thigeadh na daoine le gugan agus rannfaidhe an brachan orthú.
    Chonnaic mé féin an boiler sin. Bhí sé ag coingbheail uisge ag teach an saghairt gur pollad é agus gur thuit sé as a céile le meirg. Bhí sé fa thuairim cúig na sé troighthe ar airde, é cruinn agus tuairim dhá troigh dhéag thart fán bhéal.
    Rud amháin a réas daobhtha, bhí neart eísg le fághail agus ní rabh ganntanas bainne ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish