School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 316

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 316
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    air annsiud agus annseo, ní rabh ag an saghairt acht capall beag baoidheach agus deallaidh agus ní théidheadh sé áit ar bith acht an áit a bheirfeadh a dhualgas air a ghabháil. Thigheadh tighearnach agus daoine uaisle fir agus mná fhad leis an mhinistir agus tá leabhair agus leacht ar na féastaí a bhí aca; ní thigeadh fhad leis an saghart acht na daoine bochta agus ní rabh dadaidh de mhaoin shaoghalta aige le thabhairt daobhtha acht oiread b'feidir a's cheannochadh cloch mine buidhe daobhtha. Níor amharc an t ocras ariamh asteach ar doras na ar fuinneógaibh an mhinistir, ba mhinic a d'oibir an saghart ceithre uaire agus fiche sa ló ar bholg reang. Bhí fa thuairim scór na scór go leith teaglach ag an mhinistir le cur ar seachran, bhí suas le míle teaglach ag an saghart le coingbheal ar an chasan chumhang. Bhí bailte fearainn agus talta, ór agus airgead i seilbh an mhinistir; fuair an saghart seacht bpunt agus fiche fa Nodlaig in 1848.
    Ní rabh an saghart Ua Domhnaill bliadhain sa pharráiste gur thosaigh sé ar a chuid oibre i gceart. Chuir sé spreacadh, agus ómós daobhtha féin ins an phobal. Stad an troid agus an t ólachan, tháinic cráibhtheacht agus ríbhialtacht in áit neamh-díograis agus borbacht.
    Dá n éireochadh achrann na bruighean idir comharsannaibh, chuirfeadh sé fa na gcoinne agus in a theach féin dhéanfadh sé sócrughadh eatartha agus ní bheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish