School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 288
  3. XML “An Choill Bheag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mé anuas - á - go b'feicinn an dtiocfad leis an fhear seo a ghabhail suas agus cuidiú a thabhairt dom' an claidhe seo thuas a thógáil". Ise. "Surely surely Eoghainín he'll go up on Monday".
    Bhí go maith, thainic an duine bocht na bhaile sásta. "Bhal" arsa a bhean féin leis nuair a shroich sé an baile "Caidé dubhairt sé leat"? "Ní rabh sé féin astuigh" "An rabh sise ann"? "Bhí". "Bhal goidé bhí aici-se le rádh"? Dubhairt sí go dtiocfadh se aníos ciber bith lá a bheir siad Mundan air". "Á ghlagaire" ar sise, "nach sin Deardaoin".
    Ní rabh an Bhéarla ro láidir ins an cheanntar seo an t am udaigh. (Dá fichid bliadan ó shoin)
    Ma bhí cor fhear modhamhail faireach mar an fear sin ann bhí fir dána dolbtha ann fosta.
    Bhí Mícheal Neddy (Míchal Mac Niallghuis) lá amháin ins an fhoghmhor ag baint coirce nuair a chonnaic sé madadh ruadh a tabhairt iarracht ar uan leis, a bhí ag ingilt shíos ag bhruach na fairrge. Comh luath as chonaic Micheal an madadh ruadh chaith sé de na bróga agus ar siubhal leis na dhiaidh. Bhí an corrán leis in a láimh. Nuair a chonaic an madadh ruadh an ruaig na diaidh thug sé léim síos ar an chladach, síos le Mícheal ins na chosaibh aige. Ní rabh bealach éaluighthe aige agus amach ins an fhairrge
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    An Chill Bheag, Co. Donegal