School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 170

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 170

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 170
  3. XML “An Bhrionglóid”
  4. XML “Dúdlem Dee”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Bhí fear bocht ann aon uair amháin agus ní rabh aige ac bó amháin. Lá amháin thug sé an bó go dtí an t-aonach. Tháinig (ceannuigh) ceannachóir thart agus cheannuigh sé í ar deich bpunta, agus d’iarr sé ar an fhear í a coimhead go dtiocfadh sé arais.
    Ní rabh sé i bhfad go dtáinig ceannachóir eile agus cheannuigh sé an bó ar deich bpunta. D’imthigh sé agus d’iarr sé ar an fear í a choimhead dó ar feadh tamaill. Caidé tháinig annsin ach fear eile agus cheannuigh sé an bó ar deich bpunta. D’imthigh seisean fósta ag faghail an fear in a dhiaidh ag coimhead í.
    Chuaidh an triúir aca isteach ins an teach tabhairne céadna, agus nuair a tháinig siad amach bhí an uile dhuine aca ag iarraidh an bhó a fhaghail agus sa deireadh thoisigh siad ag troid. Nuair a bhí siad ag troid d’imthigh an fear abhaile agus an bó agus an t-airgead leis.
    Bhí siad ag gabháil a thabhairt as cór na cuairte é agus chuaidh sé chuig dligheadóir agus d’iarr sé air caidé a dheánfadh sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.