School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Connaic siad solus i bhfad uatha agus tharraing siad air. Bhuail siad ar an doras agus tháinig bean amach. D’fhiafruigh Jack díthe an dtiocfadh leo loístín na h-oidhche fhághail. D’innis an bhean dóbhtha go rabh fáthach mór ina chomhnuidhe ins an teach . Dubhairt Jack gur chuma leobhtha agus cuaidh siad isteach. Chuaidh na buachaillí i bhfolach agus cuaidh Jack isteach i bpoll beag ins an balla.
I gcionn tamaill tháinig an fáthach isteach. Dubhairt sé gur mhothuigh sé boladh Éireannach. Dubhairt an bean gur sin caora a bhí aicí fa- choinne a shiupeara. Chuartaigh an fáthach thart agus fuair sé iad. D’iarr sé ar an bean teine maith a chuir síos fa na choinne. Tháinig an oidhche agus chuaidh siad a luighe. Bhí triúr mac déag ag an fáthach fósta. D’iarr sé ar an mhnaoi bearraid de óir a chuir ar a mic féin agus bearaid eadach a chuir ar na buachaillí eile. Rinne sí seo.
I lár na h-oidhche bhain Jack na rudaí déanta d’óir o mhic a fhataig agus cuir ar a dhearbrathaireacha fhéin iad. Táinig an fathach isteach agus mharbh sé na buachaillí a rabh na bearaid déanta d’éidach ortha. D’imthigh ack agus a chuid dearbráthaireacha leis.
Nuair a fuair an fathach amach gur mharbh sé a mhic fein bhí an fhearg air, agus d’imthigh se indiaidh na mbuachall eile. Nuair a tháinig sé go dti an áit an rabh siad shuidh sé sios, agus thuit sé na chodladh.
Tháinig fear beag dearg fhad le Jack agus d’iarr air ghabhail suas go dtí an fhathach agus é a mharbhadh annsin(continues on next page)- Collector
- Aibhistín Aodh Mac Amhlaoidh
- Gender
- Male
- Address
- Largymore, Co. Donegal
- Informant
- Micheál Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Kill, Co. Donegal