School: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire (roll number 4136)

Location:
Coolnahorna, Co. Waterford
Teacher:
Mairéad, Bean Uí Aiseadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0654, Page 411

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0654, Page 411

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl na Heórna, Carraig na Siúire
  2. XML Page 411
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Biadh na Sean Aimsire.
    San ceanntair seo fadó ní itheadh ac trí béilí san ló, an breacfast, an dinnéir agus an suipéar. Ditheadh an breacfast ar a naoi a clog ac bhí a lán oibre deanta aca roimis an gcéad béile. Bhí an dinnéar aca i lár an lae agus bhí an suipeár aca nuair a bhí obair an lae déanta aca.
    Bhí prataí, bainne géar agus salann le nithe aca ag breacfast. Prátaí, bainne gear agus uaireannta bhí iasc acha ag dinneár agus bhí pratai nó práiseac agus bainne le nithe aca ag suipeár. Rugadar bradán agus breach ins an Clódaigh agus breach ón locha i measc na Sleidtibh.
    Nuair a bhí an bhéile itte aca, croctaí an bórd i gcoinnibh an fhalla. Bhí cruithneacht agus coirce ag fás ar gac feirm nac mór. Cuireadh go dtí an muileann iad cun iad do meilt. Do dhein bean a tighe cístí aráin leis an plúr, bainne géar agus sóid. Chuir sí an tarán do bhácáil ós cionn na teine i "mbastabal" nó ar "greidiol". Chuir sí griosaigh ar clab an ngreidiol. Nuair a bhí an tarán bacáil ar thaobh amháin d'iompuig sí an arán bun ós cionn. Measgann bean a tighe min coirce trid an plur uaireannta agus annsan, bhí "aran min coirce" aici. Ba dheas folláin an tarán sin.
    Ní raibh té ná feoil le nithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Cuilleanáin
    Gender
    Female
    Address
    Ross, Co. Waterford
    Informant
    Pilib Ó Cuilleanáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Ross, Co. Waterford