School: Clochar na Toirbhirte, Dúngarbhán (roll number 12087)
- Location:
- Dungarvan, Co. Waterford
- Teacher: An tSr. Proinseas
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar mhuin chapall agus chur an cailín aimsire cainnt air. Stad sé an capall. "Cia leis a ghaibh an lá?" ar sise "Cia leis a gheobhadh sé ach leis na Gearaltaigh?" ar seisean. Dhírigh an Dall Bán a ghunna ar an nguth agus chaith sé leis. Le n-a linn sin thuit an Ghearaltach marbh ar an mbóthar.
Ní raibh aon ainm ó-mhaith ar na Priondragasaigh seo, Sasanaigh dhubha a badh iad agus tá sgéul ann mar gheall ortha gur chuaidh síos go dtí an Caisleán Nua maidean Domhnaigh le linn an Aifrinn agus gur thugadar teine don séipéal. Deirtear gur dhainguingheadar na dóirse agus ná fuair aoinne teacht amach. Bhí aon bean amháin ann agus leanbh ar a bachlainn aici. Chaith sí an leanbh amach an fhuinneóg agus ba é sin an taon duine a tháinigh as an tóiteán.
Níl aon cúntas i mbéaloideas na háite sin ar aoinne a bheith sa Chaisleán i ndhiaidh an Daill Bháin agus baineann sé(continues on next page)- Collector
- Siobhán de Paor
- Gender
- Female
- Address
- The Square, Co. Waterford
- Informant
- Pádraig Ó Milleadha
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Kilbryan Upper, Co. Waterford