School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 126
  3. XML “Ná Bíodh an Oiread sin de Luíochán Bliana ort”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gabha a beadh an fear seo darbh ainm do Núnán ó pharóiste Dún na Mainistreach le h-ais Dúngarbháin ins na Déise. Duine mí-adhmharach a beadh an fear seo a mbíodh tart millteach ag cur air ag dúiseacht agus ag dul a codladh dó.
    Ní bhíodh sé ró-chruinn ar an gcéird agus bhí ar a chéardcha suite ar thaobh an bhóthair mhóir idir Ceapach Chuinn agus Dúngarbhán.
    Maidin lae an aonaig i nDún-na-Méithbhreac bhí an bóthar go sleamhain le leac-oidhre agus bhí contúirt tuitme ar na capaill. Dá bhrí sin ba iontach an fuascailt ortha an chéarda.
    Bhí Núnán go gnóthach ag cur suas na 'frosters' agus é go luathgháireach leis féin ag maranna ar na blaisteanna portair a bheadh á chaitheamh siar aige tar éis a chuid saothair, ach ní mar síltear bítear go minic.
    D'imigh feirmeoir i ndiaidh feirmeóra agus gan aoinne 'ag síneadh láimh chuige' ach an port céanna ag gach duine dó, ná bíodh an oiread san de luigheachán bliana ort.
    Bhris a fhoidhne air sa deire agus an céad babhta eile do bhuail ar a cluasa an sean-phort céanna na maidne sin amach, a tháinigh le binib "Sa diabhal do mar luigheachán bliana, ní chothóchadh sé an cat dom".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male