School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 127
  3. XML “Twenty a Shíl mé”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timpeall leath-chéad bliain ó shoin mhair fear arbh ainm dó Seamua Ó Neill i mBaile na Sagart i bparóiste Chaisleáin Chuanaig ins na Déise. 'An Gabha' do airigheas riamh agus i gcónaí air. Níor bhodhar sé é féin le léigheann ná le scoluidheacht le linn a óige agus dá bhrí sin bfuairis é dalladh agus a bhascadh sa mBéarla. Bhí sean-aithne agam féin air agus chualas go minic go raibh aige palcán de airgead 'tirm'.
    Bhuail comharsa mí-chneasta fé agus nochtadh sé scéal don gabha a bhog a chroidhe. D'iarr mo bhuachaill ar fiche púnt d'árdacht do sa mbannc. Gheall 'an gabha' go ndéanfadh agus isteach leis sa mbannc i nDúngarbhán.
    "Cogar mé seo leat" arsa an gabha lena cara "cad a dhéarfadidh mé nuair a tiochfaidh an manager chughainn?" "Abair forty" arsa a chara agus dhein an gabha mar dúradh leis. Sin é díreach an rud a bhí san gcleasaidhe. D'éirigh leis an dubh na gheal do chur ar an gabha bocht agus bhí sé fuar aige a bheith ag iarraidh chuid airgid ar ais. Nuair do thig an fear bocht an scéal bhí sé go borb brónach agus do innis sé an scéal do gach duine dá dtagadh leis mar seo :- Bhuail sé fúm, a bhráthair, dar mo chonsias gur dhéin agus caitheadh sé sileadh amach agus deireadh 'dar ndóigh, is twenty a scaoil mé ach forty a dúirt mé'.
    Ní fuair an fear bocht san pingin amháin dá chuid airgid ar ais.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male