School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 248

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 248
  3. XML “Tobar Beannaithe Eile - Cinín Dáibhidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I bparóiste na h-Eaglaise sa cheanntar a ghlaotar Tigh na Coille air atá an tobar seo suite. Istigh i lár feirma atá sé agus ní bhaghainn a rá go bhfuil rian casán ná bóthair ag rith thairis ná go dtí é.
    Tá casán déanta timpeall air agus crainn ag fás chun foithintha. Tá rian na dturas san áit - na boinn, paidríní, píosaí ribíní, sean phíosaí airgid etc agus an cupán chun an t-uisce d'ól as.
    Tá tógtha ann íomháigh Críost an Rí.
    Seo mar d'éirigh. Bhí Bráthair Críostiúl a rugadh agus a tógadh i sráid bhaile na h-Eaglaise agus bhíodh ag geallúint fo mór ar tinneas chinn fíochmhar. Bhíodh sé ina mairtir aige.
    Comhairlig a mháthair do turas do thabhairt ar Chinín Dáibhidh agus ghéill sé dhi san do dhéanadh. Is amhlaidh dhein. Bhuail sé timpeall an tobair agus a phaidrín i nglaic aige agus é go dúthrachtach ag gabháil a ghuí. Nuair a bhí deire leis an dturus thóg sé an cupán ina ghlaic aige agus chrom sé síos chun deoch a thógaint. Lena linn sin bualadh buile sa chúl air agus ar an móimint san d'fhág an tinneas cinn slán ag an fear bocht.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male