School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 92

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 92

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 92
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Seo píosa beag a chum duine a bhí dúil san ól aige.

    (continued from previous page)
    Gur fhulaing Sé trí tharranige tré na tharracha 's lámhaibh ar an gCrann
    Seachnuighidh ól 's ragairne 's gheobhaidh sibh Parathas mar dhualgas ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Timcheall 25 mbliadhan ó shoin chuadhas féin agus an fear so - Piaras go dtí tig an tsagairt.

    Timcheall 25 mbliadhan ó shoin chuadhas féin agus an fear so - Piaras - go dtí tig an tsagairt Pharóiste mar bhí 'match' déanta ag Piaras agus bhí air 'socrughadh' leis an sagart. Nuair a bhí san réidh agus an t-airgead ina phóca d'éirigh an sagart agus druid sé chughainn 'an buidéal' trasna an bhóird. Bhí ar an sagart bolg mór - ceann neamh-choitianta ar fad. Suidh sé i nár aghaidh. Leag sé a dhá uillinn ar an mbórd agus mar sin bhí a bholg fé imeall an bhúird. Bhí na gloiní lán againne abair an sagart i d'iarrde Phiaras "dén aois atá ag an mhnaoi seo atá tú chun pósadh?" "Bhuel, a Athair, ní fheadar, mar ní raibh de radharc agam airthe ach an méid do fuaras de dheascadh snaibín beag a fríghde de sholus coinnle". Sgread an sagart ar gháiridhe agus le na bhuilg d'árduig an bórd ar a thaobh san de agus níor fhan braon de'n uisge-beatha gan dortadh.
    Tá an sagart féin ar Slighe na Fírinne le fiche bliadhain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male
    Address
    Cahernaleague, Co. Waterford
    Informant
    Píaras Ó Dúragh
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    Lauragh, Co. Waterford