School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 122
  3. XML “Ag Goradh na nUbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá thar trí fithid bliain ó thit sé amach agus fear ó Cheapach Chuinn do bhí i gceist. Risteárd Collender a ainm baiste ach 'crutchi' a ghlaotaí air mar do bhí ainimh mhór coisc ag goilleamhaint air agus dá bhrí sin bhíodh croisín agus bata mar thacaí aige agus níor bhféidir do siúl ná seasamh gan iad mar bhí an chos sin 'marbh' agus ar liubarnaig leis i gcónaí.
    Chuireadh sé an-spéis i 'main' na gcoileach 'game' agus is mó bub a bhuail sé ar na 'bobbies' ina dtaobh. Bhíodh sé i gcónaí 'ah tabhairt amach' agus ag tógaint sicíní game.
    Chuir sé fé chirc ghoir líon ubh ach tar éis leath na h-aimsire á ngorrughadh aici thit sí cortha den obair agus thréig sí a nead. Bhí 'cruchi' bocht i dtannta agus cuireadh teachtairí anseo agus ansúd agus deithneas an t-saol ortha ag tnúth go dtiocfaidhe suas le circ ghoir ach, mo creach, n raibh ceann le fáil ar ór ná ar airdead. Bhí an fear bocht cráite ceart agus tar éis a mharana do dhéanadh ar an gceist siúd leis fé dhéin na n-ubh. Chuir sé isteach ina leaba féin iad agus siúd isteach leis féin ina dhiaidh agus d'fhan ann ar feadh deich lá agus d'éirigh leis an t-ál do thabhairt amach. Rángadh go raibh cearc le fáil ansan agus gurb é toil Dé gur thóg sí leo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male
    Informant
    Micheál Breannóg
    Address
    Dungarvan, Co. Waterford