Tá thar trí fithid bliain ó thit sé amach agus fear ó Cheapach Chuinn do bhí i gceist. Risteárd Collender a ainm baiste ach 'crutchi' a ghlaotaí air mar do bhí ainimh mhór coisc ag goilleamhaint air agus dá bhrí sin bhíodh croisín agus bata mar thacaí aige agus níor bhféidir do siúl ná seasamh gan iad mar bhí an chos sin 'marbh' agus ar liubarnaig leis i gcónaí. Chuireadh sé an-spéis i 'main' na gcoileach 'game' agus is mó bub a bhuail sé ar na 'bobbies' ina dtaobh. Bhíodh sé i gcónaí 'ah tabhairt amach' agus ag tógaint sicíní game. Chuir sé fé chirc ghoir líon ubh ach tar éis leath na h-aimsire á ngorrughadh aici thit sí cortha den obair agus thréig sí a nead. Bhí 'cruchi' bocht i dtannta agus cuireadh teachtairí anseo agus ansúd agus deithneas an t-saol ortha ag tnúth go dtiocfaidhe suas le circ ghoir ach, mo creach, n raibh ceann le fáil ar ór ná ar airdead. Bhí an fear bocht cráite ceart agus tar éis a mharana do dhéanadh ar an gceist siúd leis fé dhéin na n-ubh. Chuir sé isteach ina leaba féin iad agus siúd isteach leis féin ina dhiaidh agus d'fhan ann ar feadh deich lá agus d'éirigh leis an t-ál do thabhairt amach. Rángadh go raibh cearc le fáil ansan agus gurb é toil Dé gur thóg sí leo.Donal Power