School: An Eaglais, Ceapach Chuinn (roll number 1395)
- Location:
- Aglish, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Leinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus a bhean ann uair amháin, tar éis cúpla bliadhain fuair an bhean bás.
Bhí cailín aimsire ag obair leis an fear annsan. Do bhíodh na mucha ag screadaigh agus ag béiceadh leis an ocras i gcomhnuidhe.
Aon lá amháin, dúbhairt an fear leis an gcailín ná raibh sí ag tabhairt a ndótháin bídh dos na muca. Dúbhairt an cailín go raibh sí, acht go raibh cú mór bán ag teacht gach lá ag itheadh an bídh agus ag ól na díge ortha. Nuair a d'áirig an fear an scéal sin, chuaidh sé go dtí an sagart agus d'innis sé an scéal dó. Tháinig an sagart go dtí tigh an fhir agus do ghlaoidh sé ar an gcoin.
Ní fuair sé aon fhreagra, do ghlaoidh sé arís ach níor tháinig aon rud. An tríomhadh uair tháinig an cú i riocht mná. Do labhair an sagart léi,' de cúis nar tháinig tú an chéad uair a labhras.''
''Ní raibh mé ábalta ar theacht mar bhíos ag baint na slabhraí don na Geataí Ifreann'' ar sise.
''Cad a dhein tú gur chuireadh annsan tú', arsan sagart.
''Do chuireas páiste gan báisteadh chun báis,'' ar san bhean.
Dúbhairt an sagart go gcuirfeadh sé an bhean in áit éigin ná tiocfadh sí(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Dhoghair
- Gender
- Female
- Address
- Clogh, Co. Waterford