Teigheann scarta buachaillí timpeall ó thig go tig Lá le Stíofáin agus tor cuillinn acu. Bíonn dreólin istigh sa tor acu. Bíonn ceann des na buachaillí ina amadán. Bíonn lomhnán gaoithe ag an t-amadán agus é ag bualadh gach aoinne leis. Bíonn buachaill eile ina chaptaen agus buachaill eile ina óinsigh. Bíonn aghaidh feidil ar na buachaillí i dtreo ná aithneochadh aoinne iad. Bíonn buíon ceoil ag seinm ag na buachaillí. Faghann siad réal i gcuid des na tighe agus cúpla pingin i gcuid des na tighthe eile.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »