School: Béal Dearg (roll number 11582)
- Location:
- Béal Deirg Mór, Co. Mayo
- Teacher: Pádraig Mac Conghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'imtigh siad agus i gcionn bliadhna bhí sé ar ais agus an buachaill leis.
"An leigfidh tú liom é go ceann bliadhna eile" ar seisean. "Tá graitigh agam leis an iasgaireacht. Is sgoth-fear é agus níl aon fhear le dul in a thosach air. Iocfaidh mé go maith é.
"Leigfead" ars an sean fear agus fáilte, acht an uair seo níor iarr sé air an gasúr a cur ar ais.D'imtigh an bhliadhain acht nior fhill siad. Bhíodh an sean fhear ar an tráigh gach lá le súil go bfeicfeadh sé iad ag teacht.
Chonnaic bean é agus tháinig sí cuige lá.
"Tá trioblóid eicínt ort" ars sise "mar feicim annseo tú gac uile lá. Ceárd tá ort."
Dinnis sé a sgéal dí.
"Is mór a' truagh thú," ar sise. "Tá do mhac imtighthe agus ta faithcíos orm nach bhfeicfidh tú go bráthach aríst é. Tá sé ar oileán fá draoideacht mar is draoi mór é an t-Iasgaire Tiosgánach acht béarfaidh mise comairle duit agus b'éídir go n-eireócaidh leat do mhac a(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Réagáin
- Gender
- Male