School: Béal Dearg (roll number 11582)
- Location:
- Béal Deirg Mór, Co. Mayo
- Teacher: Pádraig Mac Conghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Dearg
- XML Page 247
- XML “Scéal fá Thaibhse”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go teach Mháirtín Ó Tómais, an teach ba ghiorra dhó.
* * *
Bhí Mockedy (Mícheál Mac h-Éil Gaobhrán) ar tórramh oidhche agus ní raibh sa teach in a dhiaidh acht a bhean agus paistí óga. Timcheall a' mhadhon oidhche d'éírigh sé imnidheach agus d'fhág sé teach a torraimh le dul abaile go bhfeicfead sé a churan. Oidhche geal a bhí anna gus rinne sé aith-giorra treasna an clochán ba giorra don cladach. Ta sgeach ag an gclochán agus nuair a bhí sé ag dul thart leis shiubhail an bean amach ó'n sgeic agus shiubhal sí taobh le Mockedy go dtáínig sé i radharc a thighe féin. D'aithnigh sé an bean: bhí sí marbh le tamall maith roimhe sin. Bhí faithcíos ar Mockey go leanfadh sé isteach sa teach é agus go scannróhadh sí a bhean agus a clann agus dubhairt sé leithí fanacht amuigh agus go dtiocfadh sé feín amach arís. Fuair sé gach rud ciúin sochair sa teach agus d'fhill sé ar an tórramh. Bhí an bhean ag fanacht air amuigh agus shiubhail sí taobh leis go dtáinig sí go dtí an sgéích arís. Chuaidh sí isteach ann agus ní fhaca aoinne ó shoin í.- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Béal Deirg Mór, Co. Mayo