School: Béal an Mhuirthid (C.) (roll number 14857)
- Location:
- Béal an Mhuirthead, Co. Mayo
- Teacher: Sorcha, Bean Uí Náraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uimh.2.
Sean-Scéal
Ionadh an Chrainn ChaimBhí fear críona darbh ainm Brian Ruadh Ó Charabháin in a chomhnaidhe in Inbhear, Iorrus, Co. Mhuigheó tráth. Feiliméir do b'eadh é acht chaitheadh se corr-oidhche ag iascaireacht chomh-maith. Nuair a bhí brian in a ghasúr fuair a athair pota óir ar and tráigh uair, agus nuair d'éag a athair thugadh do bhrian é. Bhí an pota óir i bhfolach sa teach aige agus b'annamh dó roinnt de a chaitheadh mar b'fhear stuaim é. Bhí mac díthcéilleach aige agus oíche amháin ghoid sé an pota óir ón a athair agus chuaidh sé amach. Chonnaic sé cúpla crann i ngar dó agus bhí an ghealach ag soillsiú fá bhun ceann acu. Chuir sé an pota óir i bhfolach fán gcrann sin. Oíche eile chuaidh se fé dhéin an chrainn agus shíl sé go mbheadh an ghealach ag soillsiú ar an áit céadna acht ní raibh an ghealach na suidhe chor ar bith agus níor fhéad sé an pota óir a chuartú.(continues on next page)- Collector
- Máire Treasa Ní Náraidhe
- Gender
- Female
- Address
- Béal an Mhuirthead, Co. Mayo
- Informant
- Mártan Ó Murchadha
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Áit Tí Conáin, Co. Mayo