Do briseadh long in Aicill sa mbliadhain 1897 agus an "Lillic" an tainm a bhí uirthi. Bhí sí ag dul go hAlban le muinntir Aicle ag baint na fatai. Bhí caogadh duine ar an long idir mna fir, buacailli agus caillini. D'fag siad Acaill ag a h-ocht a clog ar maidin. Lá breag gréine a bhí ann gan neal le feiceál sa speir. Nuair a bhí sí in aici Cathar na Mart d'éirigh an ghaoth agus tainig faitcios ar na ndaoinibh. Ní raibh sé i bhfad gur buail an ghaoth seol an bhaid agus tionntuigh sí é agus baiteadh deicneabhair is fice. Do coinnig na mna greim ar an mbád le na gcuid fiaclaibh go dtainig cabair chucu ó Cathair na Mart. Ba é an chead trean a tháinig go Acaill trean lan dé corpaibh
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »