School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 514
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)is a lámha chíor sé a chuid gruaige, ag[...?] agus d'iarr sé ar Dia é chur ar a lea[s.] Nuair abhí sé réidh chun imtheachta dubhairt an fear leis fanacht ins an áit a raibh sé acht dubhairt an prionnsa leis nach bfhéadfadh sé fanacht.
"Mar," air seisean, tá orm t[rí] lá a chur isteach ag Oighre na Coi[lle] Glaise san domhain thoir. Chuir an prionnsa air an bhróg agus d'imth[igh] sé leis agus bhí deón agus deirea[dh] an lae ag tigheacht air nuair casadh [é?] isteach i dteach an dara seanfhir a[n] dara oidhche. Bhí an seanfhear istigh roimhe agus bhí fáilte mór aige roim[h] an bprionnsa óg agus ní raibh fhios aige cé'n áit a shuidheadh sé nó a sheasa[dh] sé. Fá dheireadh ghléas sé biadh dhó agus n[uair] bhí a bhiadh ithte, chuir an prionnsa fáirnéis de'n bhfear an raibh bun ná tuairisg ar Oighre na Coille Gla[ise](continues on next page)- Collector
- Mártan Ó Chiaragáin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Ciaragáin
- Gender
- Male