School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 515
- XML “Oighre na Coille Glaise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige agus dubhairt an seanfhear gur b'in é an chéad uair a chuala sé go raibh a leithéid ar dhruim an domhain, "acht," ar seisean "bhéarfaidh mé bróg duit a thiubhaireas go dtí driotháir eile dhom atá ina cómhnuidhe ar cúl aille ar bruach na fairrge móire agus tá cuan táirighthe tigheacht thart lé cúl na h-aille go dtí béal a dhorais agus is ann a bhuaileann gach bád calaidh as aon páirt de'n domhain a bhíos ag tairraingt ar Éirinn agus má tá [< bhfuil] eolas ag aoinne sa domhain tá sé aige. Annsin chuir sé an bhróg air agus d'imthigh leis agus bhí deón agus deireadh an lae ag tigheacht air nuair casadh isteach i dteach an tríomhadh seanfhir an tríomhadh oidhche. Cé fáilte a bhí ag fearaibh eile roimhe bhí i bhfad níos mó fáilte ag an tríomhadh seanfhir roimhe. Chuir sé céad míle fáilte roimh mach Righe Eireann. Mhuch sé lé pógaí é, bháith sé lé deoraíé [!] agus thiormuigh sé lé brat mín síoda is rollaí(continues on next page)
- Collector
- Mártan Ó Chiaragáin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Ciaragáin
- Gender
- Male