Scoil: An tSraith

Suíomh:
An tSraith, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 514

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 514

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An tSraith
  2. XML Leathanach 514
  3. XML “Oighre na Coille Glaise”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    is a lámha chíor sé a chuid gruaige, ag[...?] agus d'iarr sé ar Dia é chur ar a lea[s.] Nuair abhí sé réidh chun imtheachta dubhairt an fear leis fanacht ins an áit a raibh sé acht dubhairt an prionnsa leis nach bfhéadfadh sé fanacht.
    "Mar," air seisean, tá orm t[rí] lá a chur isteach ag Oighre na Coi[lle] Glaise san domhain thoir. Chuir an prionnsa air an bhróg agus d'imth[igh] sé leis agus bhí deón agus deirea[dh] an lae ag tigheacht air nuair casadh [é?] isteach i dteach an dara seanfhir a[n] dara oidhche. Bhí an seanfhear istigh roimhe agus bhí fáilte mór aige roim[h] an bprionnsa óg agus ní raibh fhios aige cé'n áit a shuidheadh sé nó a sheasa[dh] sé. Fá dheireadh ghléas sé biadh dhó agus n[uair] bhí a bhiadh ithte, chuir an prionnsa fáirnéis de'n bhfear an raibh bun ná tuairisg ar Oighre na Coille Gla[ise]
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mártan Ó Chiaragáin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Ciaragáin
    Inscne
    Fireann