School: Port Urlainn

Location:
Port Durlainne, Co. Mayo
Teacher:
Liam Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port Urlainn
  2. XML Page 233
  3. XML “Mo Cheantar Féin - Porturlainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá mé i mo chónaí i bPorturlainn, baile atá i bparóiste Cill Chomáin in Iorras i gContae Mhaigh Eo. Tugtar Porturlainn ar an mbaile seo mar bíonn na tonnta ag buaileadh in aghaidh an chladaigh agus ag siar. Luascadh na gcloch isteach agus amach. Tá tríocha teach sa mbaile seo. Ní raibh ach 15 ann fadó. Níl mórán sean-duine os cionn 70 bliana ann. Níl mórán fothrach sean-teach ar an mbaile. Bhí teach amháin de na Muinneacháin agus teach eile de na Labhaillaigh agus bhí teach eile de na Cosgaraigh ann. Níl an sloinne sin anois ann ar chor ar bith. 'Sé an sloinne is coitianta ar an mbaile ná "Ó Dómhnaill". Dhá chéad bhliain ó shin, ní raibh aon Domhnallach ar an mbaile ach tháinig fear darb ainm dó Niall Ó Dómhnaill as Gleann a'Ghaid go dtí an áit & siad is fairsinge anois. Tá muintir Mhic Aindrias agus Flannghaile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Port Durlainne, Co. Mayo
    Collector
    Máirín Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female