School: Port Urlainn

Location:
Porturlin, Co. Mayo
Teacher:
Liam Breathnach

Filter stories

Back
/ 311 Forward
Resolution: Low | High
Port Urlainn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 161

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Murchadha thoisigh na madaigh ag tafann. Shíl an bheirt gur dream abhí le na robáil abhí ann agus chuir siad an t-ór i bhfollach. Bhí an ghealach ag lonnradh ar an gcnocán seo faoi ar cuir siad an t-ór agus sin an marc abhí aca; ach nuair a tháinig siad ar ais le h-aghaidh an airgid bhí an ghealach imthighthe faoi agus níorbh fhéidir leo é a fhágháil ó shion. Tá sé annsin go fóill.

Fadó shion, tuairim ceithre céad bliadhan ó shion anois tháinig long isteach i gcuan an Inbhir agus shéid an stoirm uirre agus báitheadh í. Bhí tronca óir uirre agus chuaidh an tronca go tóin na fairrge. Chuaidh muinntir an (h-) Inbhir amach i mbádaibh le h-aghaidh an tronca ach sharuigh sé ortha é a fhághail mar bhí péiste mhór ag tabhairt aire dhó agus ní leigfeadh sé dhóibh é a thabhairt leó.

(continues on next page)
Collector
Tomás Ó Dómhnaill
Gender
male
Address
Porturlin, Co. Mayo
Informant
Máire Ní Dhómhnaill
Relation
unknown
Gender
female
Address
Porturlin, Co. Mayo
Language
Irish