Bhí Tighearna talmhan ar an áít seo fadó agus Ross Ford an t-ainm abhí air. Bhí báilleach aige darbh ainm Búrca. Mara mbéádh an chios ag na tionontaigh dó nuair a thiocfadh sé thart chuirfeadh sé amach as a gcuid tighthe iad.
Bhí Seoirse Buirneach ina thighearna talmhan sa Ros Dubhach (?). Nuair nach mbíodh an chios ag a chuid tionóntaí dó chaitheadh siad obair a dhéanamh dó chomh maith leis an dualgas oibre abhí orra cheana fhéin. Bhíodh siad ag obair aige ó na seacht a chlog ar maidin go dtí na deich a chlog san oidhche (?) iad ina leath-throsgadh. Protastúnach abhí ann.
Bhí fear eile darbh ainm Carter ina tighearna talmhan ar an gCorr an Buidhe. Nuair a buaileadh a chuid tionóntaidhthe chaithfeadh siad a leath de'n cruach choirce (?) a thabhairt dó. Bhí tionontaidhe aige i bPort a' Chluaidh a bhuail a chuid coirce ingan fhios dá cuid comharsainaibh san oidhche. Cháith sé an coirce
(continues on next page)