Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Múinteoir: Antoine Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin. Bhí sé in a chomhnaidhe taobh thiar de Bhéal an Mhuirthead. Bhíodh sé ag díol is ag ceannacht caorach de fear saidhbhir a bhí in a chomhaidhe istigh ag an bhFód Dubh. Mártan Mac Aindriú a bhí mar ainm air. Ceannuigh se cúpla chaorach ó bhean agus bhí a fear marbh. Níor thug-se luach ar cheann amhain de na caoirigh.
Cheannuigh sé na caoirigh sin ag aonach a bhí i mBeannchor. Tháinig sé abhaile. I gceann suim bliadhanta fuair sé bás. Mar gheall ar an bpeacadh sin, ní fhuair sé cead ó Dhia dul isteach ins na Flaithis.
Timcheall is seasca nó seachmhó bliadhan in a dhiaidh sin, chonnaic fear misneamhail é in a sheasamh i bportach. Uair ar bith a chonnaic sé duine marbh bhí fhios aige an ceist gur cóir a chuir air. Chuir sé an cesit sin ar Mhártan mac Aindriú.
D'fiafruigh sé dhe, cén trioblóid a bhí air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Seibhleáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tuar Glas, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Seibhleáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tuar Glas, Co. Mayo