“Máire Shéamuisín”
Bhí bean ann uair amháin. Bean beag dob ea í. Ní raibh sí ach trí troighe go leith ar aoirde. Máire Shéamuisín a b’ainm di. Bhí sí in a comhnuidhe in mo bhaile-sa, sin Baile Ruairc. B’as na sléibhte di ar dtús.
Nuair a bhí sí óg thuit sí anuas Cnoc a’ Choirín. Bhí sí ag tuitim ó charraig go carraig go dtáinig sí go dtí an talamh leibhéalta. Bhí sí gortuighthe go mór. Chaill sí a lán fola, an créatúir bocht. Dubhairt sí féin ina dhiaidh sin gurbh fhéidir leat é a mheascadh le (meascadh) maide mar mheascfá “stirabout”.
Phós Máire fear ar an mbaile seo. Nuair a d’athruigheadh sí tinneas do bheith ag teacht uirthi féin théigheadh sí go dtí an sagart chun é a theacht chuici agus an ola dhéidheannacha do chuir uirthi. Thagadh sé agus chuireadh sé an ola dhéidheannach uirthi.
Dubhairt sí leis an sagart uair go mbíodh sí i gcomhnuidhe ag easganaidh. Bhí cipín aici agus ghearradh sí píosa amach as in aghaidh gach mionn a dhéanadh sí.
Bhí bord beag gréithidhe sa chistin aici. Lá amháin nuair a bhí sí ag teacht isteach
(continues on next page)