School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag leigin a sgíth. Chuaidh sé leis go dtáinig sé go séipéal ar thaobh chnuic. Bhí an t-aifreann ar siubhal istigh. Chuaidh na ba isteach ar chúl na haltóra. Chuaidh seisean ina ndiaidh. Lín sé an adharc le cébí a bhí siad ag fághail le n-ithe agus chuaidh sé abhaile leo.
Nuair a shroich sé an teach mór thug sé an adharc don fear agus é lán. D'fhiafruigh se do'n fhear annsin míniú a thabhairt dó fá gach rud a chonnaic sé. D'innis seisean dó é.
An ceol a chuala tú sin ceol na n-aingeal ar neamh. Na ba a chonnaic tú sa pháirc lom agus iad ag tabhairt bia dhá chéile sin iad na deagh-dhaoine atá ar an saoghal seo a creideann i nDia agus a déanann gach rud ba cheart. Na ba a bhí ag troid is ag casaoid is ag déanamh éagcóra a ndóthain le n-ithe acu sin iad na droch-dhaoine.
Na sé breaca beag a chonnaic tú sin iad sé laetha na seachtmhaine an uair is ceart dúinn a bheith ag obair ar ár ndicheall, agus an breac mór nach raibh cor aisti, sin é an Domhnach, an lá is ceart dúinn a bheith ag leigint ár sgíth.
An biadh a fuair na ba ag an altóir sin biadh as Neamh, an Comaoin Naomhtha a thagas aníos ag an(continues on next page)- Collector
- Sinéad Nic Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo
- Informant
- Pádraig Mac An Bháird
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo