School: Caisleán na hÉille (The Neale)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Máire, Bean Mhic Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rachadh sé féin amach féachaint an raibh siad beo ná marbh ná cá raibh siad. D'imthigh leis g dtainig sé go dti an teach mór seo. Cuireadh céad míle fáitle roimhe mar an dearbhsháthar eile agus ar maidin lá ar na mhárach cuireadh amach leis na ba é. D'fhan sé ag éísteacht leis an gceol agus d'athrughadh go cloch mór é mar an gcéadna.
Dubhairt an tríomhadh dearbhsháthar go rachadh sé ar thóir a bheirt dearbhsháthar agus a dheirbhshiúr. Chuaidh sé leis go dtáinig sé go dtí an teach mór. Lá ar na mhárach tugadh an obair céadna do a tugadh d'á dhearbhshátharacha. Chuala sé an ceol. D'fhan sé sgathamh beag ag éisteacht leis agus annsin dubhairt sé leis fhéin go m'bhfearr dul ar a ghnótha. Chuaidh sé indiaidh na ba go dtáinig siad go páirc lom. Chonnaic sé ba annsin agus cuid acu ag tógáil féin agus ag cur isteach i béalaibh cuid eile aca.
D'imthigh sé leis go dtáinig sé go páirc eile a raibh féar mór fada ag fás ann. Bhí ba ann agus iad ag troid le chéile. B'éigin dhó dul trasna abhainn annsin agus siubhal ar planc cumhang. Ar thaobh amháin den planc sin chonnaic sé sé breacainí beag san uisge agus iad ag obair ar a ndícheall. Ar an taobh eile bhí breac mór agus í(continues on next page)- Collector
- Sinéad Nic Bháird
- Gender
- Female
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo
- Informant
- Pádraig Mac An Bháird
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Ballyrourke, Co. Mayo