School: Caisleán na hÉille (The Neale)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Máire, Bean Mhic Domhnaill

Filter stories

Back
/ 274 Forward
Resolution: Low | High
An Gníomh Gaisciúil

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

"An Gníomh Gaisceamhail"
[Pádraig Mac An Báird 76 yrs Ballyrourke The Neale told this story to Sinéad Nic Bháird]
Bhí ministéar ann uair agus bhí triúr mac agus inghean amháin aige. Lá amháin tháinig fear óg ag iarraidh an inghean len i a phósadh. Caitliocach dob eadh an fear seo. Do gheall an ministéara go dtiubhradh sé dhó dá ndéanadh s é naoi málaí plúir de naoi gráinne cruithneachtan. Dubhairt an fear go ndéanfaidh sé amhlaidh agus d'imthig leis. Tháinig sé ar ais an lá dar gctionn agus na naoi málaí plúir aige agu b' éigin don ministéara an inghean a thabhairt dó.
Chuaidh an fear leis agus an bhean aige agus pósadh iad, agus triall ná tuairisc ní fuaireadadr ortha in a dhiaidh sin.
Bliain ón lá sin dubhairt an dearbhsáthair ba shine "Blilain go díreach ó amárach a phós Máire an fear sin agus triall ná tuairisc ní fhuaramar uirthi ó shoin. Rachaidh mé amárach ar tóir," ar seisean.
Maidin lá ar na mhárach d'imthigh an buachaill leis agus bhí sé ag taisteal ar feadh an lae sin Ag tuitim na hoidche tháinig sé go teach mór. Chuaidh sé isteach. Cé bhí istigh ach a dheirbhshiúr. Cuireadh céad míle fáilte roimhe. Nuair a tháinig a fear isteach do bheannuigh siad dá chéile go duthrachta. D'fhiafruigh

(continues on next page)
Collector
Sinéad Nic Bháird
Gender
female
Address
Ballyrourke, Co. Mayo
Informant
Pádraig Mac An Bháird
Relation
parent
Gender
male
Age
76
Address
Ballyrourke, Co. Mayo
Language
Irish