Scoil: Doire (uimhir rolla 16852)
- Suíomh:
- An Doire, Co. Mayo
- Múinteoir: Séamus Ó Cathain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire
- XML Leathanach 66
- XML “Saidhbhín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'imtigh sí léithí annsin go dtáinich sí go dtí an teach agus bhí an fathach in-a codhladh. Sgiob sí léithí piosa dé'n braitlín ach d'airigh an fathach í agus rug sé ar láimh uirthi. Tá tú agam anois. Cé'n bhás is fearr leat fáil? Mé a cur isteach i sean mhála agus cath, madhadh, agus sean-crúgha briste a chur isteach liom ann. Ach caithfidh tú a dul in-a coilleamh agus maidhe maith ramhar d'fhághail. Cé'n fáth sin ars an fathach. Ionnas nuair a bhuaileas tú buille ar an madadh go gcuirfí sé a cuid fiachla ionnam agus nuair a bhuaileas tú buille ar an gcrugha go ngearrfaí sé mé.
D'imthigh sé leis un'a coilleamh annsin. Nuair a fuair sise imighthe é cuir sí bean an feataighi steach ins an mhála agus cuaidh sí féin ar tabhair na braitlíne. Nuair a tháinich an fathach abhaile thosuigh sé dhá bualadh agus dubhairt sí mé féin atá ann. Annsin chuimhnigh sé ar féin agus cuaidh sé ins an seomra agus chonnaich sé Saidhbhín imthighthe. Lean sé díth. Caith sí amach an ceirtlín snáithe ar an loch agus rinne sé bóthar dith. Bhí Saidhbhín taobh thall agus an fathach taobh amus. An dtiocaí tú arís a Shaidhbhín. Ní tiocfaí mé arís go brat ach. Annsin caith sé é féin amach san loch agus báitheamh é- Faisnéiseoir
- Eibhlín Seóighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mayo