Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mise an t-snáthad sin a fhágail anios, Rud ar bith go bráth a casar leat amuigh mar sin, sáth in do bháinín é no go dtagad tú abhaile agus béidh sé éasgadh ad é fhágail."
Cuaid an t-amadán ag baint fraoch lár na mháireach agus ag tíoct abaile dhó, casad sean ghró mór iarrain dhó agus é lán le meirg agus chuimhnigh sé ar an gcomhairle a chuir a mháthair air. Rug sé ar an nGró agus sáth sé amach thrí na bháinín é, agus tháinic sé abhaile sáthach rí-mhéadach go dtí na mháthair. Núair a chonnaic a mháthair a tíocht é, bhí an-fhearg ortha nuair a connaic sí an bháinin stóicidh.
"Sgread a bhainne ort a Amadan" adeir sí "Cén chiall dhuit é sin a chuir in do bháinín". "A mháthair" adeir se "nac ndeárna mé an Rud a dubhairt tú liom indé, nar dhubhairt tú liom aon nídh a geobhfainn amuigh go brách é a cur i mo bháinín agus chuireas." "Chreidim" adeir an mháthair nac bfuil aon mhaith a cur(leanann ar an chéad leathanach eile)