Volume: CBÉ 0441 (Part 1)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0073

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    mise an t-snáthad sin a fhágail anios, Rud ar bith go bráth a casar leat amuigh mar sin, sáth in do bháinín é no go dtagad tú abhaile agus béidh sé éasgadh ad é fhágail."
    Cuaid an t-amadán ag baint fraoch lár na mháireach agus ag tíoct abaile dhó, casad sean ghró mór iarrain dhó agus é lán le meirg agus chuimhnigh sé ar an gcomhairle a chuir a mháthair air. Rug sé ar an nGró agus sáth sé amach thrí na bháinín é, agus tháinic sé abhaile sáthach rí-mhéadach go dtí na mháthair. Núair a chonnaic a mháthair a tíocht é, bhí an-fhearg ortha nuair a connaic sí an bháinin stóicidh.
    "Sgread a bhainne ort a Amadan" adeir sí "Cén chiall dhuit é sin a chuir in do bháinín". "A mháthair" adeir se "nac ndeárna mé an Rud a dubhairt tú liom indé, nar dhubhairt tú liom aon nídh a geobhfainn amuigh go brách é a cur i mo bháinín agus chuireas." "Chreidim" adeir an mháthair nac bfuil aon mhaith a cur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    1937
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant