Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)comairle ort, in t-Amadán a Rugadh thú agus in do amadán a geobhfas tú bás".
Lár na mháireach aríst chúaidh sé ag bainnt fraoigh agus ag teacht abaile dhó ceard a chasaidh leis ach, mála óir. Tháinic sé abhaile agus leag sé a bheirtín fraoigh le taobh a tígh agus leaba an t-ór a tabhairt isteach ag a mhátair, cuaid sé isteac i ngarraidhe loirg a bhí le thais a tígh agus thug sé leis láighe agus rómhar sé an garraidhe agus thosaigh sé ag sgaradh an óir, mara bheit sé ag cuir fataí, nó gur chur sé an t-ór uilig ánn. Nuair a tháinic an t-amadán isteach, bhí an mháthair ag suidhe le thais na teine dhá téigh h-fhéin. Bhúail sé go chic í agus chur sé isteach sa teine í, Sgread a bhainne ort adeir sé, ar ndhóigh níl tú feileamhnach a bheith mar mháthair am-sa. Tuige a ndeir tú é sin adeir an mhátair. Mise, adeir sé, a bhfuil garraidhe ór curtha am, go mbéidh ór a fás am h-féin ar báll.
Síl an mháthair gurb é an chaoi a raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)