(ar lean ón leathanach roimhe)
duine ’bith bheas tínn," adeir sé, "teirigh a’ breathnú air,
agus má fheiceann tú mise ag a chosa níl le dina ugut
ach smugairle ’chatha air agus beidh sé díos fearr lár-
namháireach; ach má fheiceann tú mise ag a chloig-
eann," adeir sé, "níl aon fháil ugut é leigheas." "Dinfa
sin," adeir Dónal. Bhíoch sé ag imeacht ag chuile dhuine a
bhíoch tinn agus é a’ catha smugairle orthav gá leigheas.
Ach bhí duine uasal ánn agus cuireav fios ar Dhónal -
bhí sé go h-an-dona - agus thainic Dónal ag breathnú air,
agus hainic sé an Bás ag a chloigeann. "Á, níl aon
fháil é sin a leigheas," adeir Dónal, agus bhí sé goil ag imeacht.
"Well tórtha muid mála óir duit," adeir siad leis, "má
leigheasann tú é." Chas Dónal isteach aríst agus rug sé
ar a’ duine uasal a bhí tínn agus d’untuigh sé sa
leaba é: chuir sé a chloigeann an áit a ru a chosa, agus
a chosa san áit a ru a chloigeann. Agus chath sé smug-
airle air, agus bhí an duine uasal níos fearr lárna-
mháireach. Ach casav an Bás le Dónal lárnamháir-
each agus d’fhiara sé dho tuige ar dhin sé é sin. "Á
cén neart a bhí ugum air?" adeir sé, "- ar ndó bhí
leisg orm ligint do [bás fháil]" adeir sé, "Fan leat,"
adeir a’ Bás, "go mbeidh do sheacht mbliana suas, agus
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.