Imleabhar: CBÉ 0180

Dáta
1936–1936
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 057

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 057

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí buachaill ar aimsir thíos i nDoire, agus ní rabh aige ach cúig phunnta sa bhliadhain.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    3310
    87
    ní rabh ’n soitheach ann, ach bhí sí ar amharc
    a teacht ann
    An dteárn tú mar h-iarradh ort," arsa
    sheisean.
    Rinn," arsa seisean, "tá ’n beathadhach sin liom
    agus má tá fhéin is beag an éadail í.
    Chonnaic sé’n t-seilg. "Bhail siubhail leat
    anois, adeir sé anonn go Críoch lóchlanna.
    agus fágfaidh mise sa bhaile arais thú
    slán subhailte. D’imthigh sé leis anonn go
    Críoch lochlanna, agus nuair a chuaidh sé
    isteach thall chuaidh sé suas a chruc. Bhí
    sé ag ’ul suas mallaigh faoi’n teach agus
    fuair sé cramh gearráin.
    "Seo duit," arsa seisean, "tá m’athair dall.
    agus nuair aithneochas sé gur Éireannach atá
    ionnat, rachaidh sé a bhreith greim láimhe
    ort, agus na thug dó do láimh a chor a’
    bith," arsa seisean. "Sighin a chrámh dó, nó
    bhricfeadh sé do lámh," arsa seisean. "Sighin
    sé an cramh fhad leis agus rinn sé
    smulagar de’n chrámh. D’óibir leis annsin,
    agus feannadh an beathadhach agus bruightheadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    30 April 1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0726: The Oldest on the Farm
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir