Scoil: Cúl Mín, Inis
- Suíomh:
- Cúil Mhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dd. Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Mín, Inis
- XML Leathanach 279
- XML “Airgead a Fuarthas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I gCluan Doire Lághaigh bhí beirt fhear ag leagadh claidhe timcheall 80 bliadhan ó shoin. Tomás Ó Rian, feirmeóir agus a fhear oibre a bhí ann. Fuaireadar ana-chuid airgid sa chlaidhe. Bhailigheadar na piosaí go léir, bhí gach píosa níos mó ná coróin. Bhí isrídbhneóireacht (?) éigin orrtha is buaileadh iad in aimir na banríoghna Áinne.Chuaidh Ó Rian go Cill Ruis leisan sgéal, chuaidh go dtí na bainnc acht níor dhíol. Tháinig sé abhaile is thug sé an t-airgead go léir go Cathair Luimnighe agus dhíol sé le bainisteóir bainnc é.Deirtear nár innis sé d'aoinne dhé mhéid a fuair sé air.