Scoil: Naomh Bríghid, Blackwater (uimhir rolla 7036)
- Suíomh:
- An Abhainn Dubh, Co. Loch Garman
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Béidir ná misde dhom an sgeal seo leanais do bhreacadh síos. Im' oige d'airigheas é agus ní fheaca ó shoin i leith fé clódh in aon leabhar Ghaedhluine é - i bhfios dom fhein ach go h-áirighthe. Seo agaibh é mar sin:
Bhí cníopaire duine bhoicht ann fad ó . Do chomhnuig sé i mbothán cois taoibh na h-abhann. Bhí sé scannruighthe chun airgead a dheanamh. D'oibiruigheadh sé de ló is t-oidhche idir Domhnach agus lá oibre.Bhí roinnt ginighthe (?) bailighthe le chéile aige agus mar seo 'lár Domhnaigh nuair a bhí sé ag obair do labhair guth leis."'Taoi ag briseadh na saoire" ars an guth "Tá airgead bailighthe agat agus d'á mhéid é do ghreim air is olc a n-imtheochaidh se uait mar bearfaidh Seán Bán Gabha uait an uile leath-phuighin de".Ní raibh fhios ag an gcníopaire seo cá raibh Seán Bán Gabha ná an taer os a chionn. Níor airig sé riamh teacht thairis ach do buaileadh isteach in a aigne gur bhitheamhnach Seán Bán agus go dtiocfadh sé chun é robáil.D'fonn bheith ullamh in a chóir bhailig sé le chéile a chuid airgid, chuir se poll(leanann ar an chéad leathanach eile)