Scoil: Dubhlinn (C.), Inis (uimhir rolla 4871)
- Suíomh:
- Dúlainn, Co. an Chláir
- Múinteoir: Bríd Ní Laighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhlinn (C.), Inis
- XML Leathanach 153
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chonnaic sí ag teacht é do dhein sí an fáinne agus níorbh bhféidir leis teacht leath-istigh de.Bhí sé ana claoidhte agus do chuir sé scannradh uirthi nuair a chonnaic sí é. Nuair a tháinig Bothluim ar dtúis dubhairt an bean leis "A Bhothluim, a Bhothluim, a Bhothluim" agus níor thug sé aon fhreagra uirthe nó gur ghlaoidh sí an tríomhadh babhta air. "A Bhothluim a Bhothluim cá raibh tú nuair a glaoidh mé an chéad uair ort" agus ar sé, "Bhí me in Iffrinn" agus ar sí "A Bhothluim a Bhothluim cá raibh tú an tarna uair a ghlaoidh mé ort" agus ar sé "Bí mé ag teacht" A Bhothluim a Bhothluim cá raibh tú nuair a glaoidh mé an tríomhadh babhta ort" agus ar sé "bhíos annso agus is maith dhuit-se go raibh tú i gcóir dom.""A Bhothluim, a Bhothluim cad do chaoluig do chos" ar sise leis agus ar se "Allus lucht a t-saothar agus a bheith go faobharach leis na mbocht agus bainne na cúig gcaorach seadh do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Bháire, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Gríobhtha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50