Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Caisléan Oirmhúmhan suidhthe ar bhruach na Siúire. Do thóg Eamonn De Bhúitléir é sa bhliain 1309 agus annsan do chuir "Tómás Dubh" De Búitléir feabhas air sa bhliain 1565.Caisléan bhreágh iseadh an Caisléan seo. Níl a leithéid le feiscint sa chondae. Tá sé tógtha ar fheabhas agus cosaint láidir iseadh é. Tá sreath de bheanna i dtosac an chaisléain. Tá halla mór agus seomraí breaghta leis istig sa caisléan. Tá pictiúr mór de'n bhainríoghain Eibhlís insan halla agus fé na bhun tá na cinn lithreacha E.R. agus ar an bhfalla eile tá na cinn lithreacha T.B. Bhí an bainríogháin Eibhlís cun teacht ar chuaird go dtí an Carraig agus is annsan a chuir "Tomás Dubh" an feabhas ar an gcaisleán. Deirtear gur sa chaisleán seo a rugadh Anne Boleyn. Bhí Máighréad De Búitléir pósta le Sir William Boleyn agus bhí a mac - Tomas pósta le Lady Elizabeth Howard. Inghean do'n bheirt sin do b'eadh Anne Boleyn. Ar na daoine ba mhó cáil a mhair sa caisleán bhí "Tomas Dub" a bí an-mhuinnteardha leis an mbainriogain Eibhlís. Cé gur protustúnach é thug sé foithin agus dhíon Árd Easbog Caisil, Diarmuid Mac Dirdhealbhaigh, nuair a bhí sé ar a theichadh. Tá an seómra le feiscint fós 'nar léigheadh an t-Árd Easbog an t-Aifreann sa bhliain 1585
Máire Ní Thóibín- Bailitheoir
- Máire Ní Thóibín
- Inscne
- Baineann