Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sean-sgéal a bhíodh ag sna báird ag cur síos ar imteachta treibhe a díbreadh as an Midhe. Tugadh "Tochomlod na nDessi" nó ainmneacha eile de'n tsórt chéadna air agus is dócha gurbh é an cunntas a bhí ag sna sean ughdair nuair a chuireadar síos ar conus agus cathain a cuireadh Ríoghacht Déise Mumhan ar bun.Tá cuid de sna daoine a cuireann suim i stair agus ní ghéillid do'n sgéal san in aon chor. Sgéal a ceapadh le h-aghaidh caitheamh aimsire ba eadh é a deirtear agus is fuiris a fheicsint go bhfuil an-chuid de gan crot na fírinne air. Ní raibh mórán measa ar mhuinntir Dheiscirt na hEireann ná tuigsint in a gcúrsaí ag an té a cheap é. Mar sin féin caithfear toradh thabhairt ar an sgéal féachaint an bhfuil aon chuid de'n bhfírinne ann.Deir lucht staire gur chuir Cormac Mac Airt as seilbh pé treabh a bhí i Magh Bhreágh timcheall na bliana 275 A.D. B'iad na luaighní (?) a bhí ann le linn Chonchubhair Mhic(leanann ar an chéad leathanach eile)