Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)

Suíomh:
Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 073

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 073
  3. XML “Clódóireacht i gCarraig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rugadh Pádruig Ó Loinsigh igCo an Clair, 1757. Chuir sé scoil ar bun ag Carraig na Siúire, 1790. In éinfeacht le Sean Stacey bearrbóir an bhaile, chuir sé inneall clódóireachta ar bun 1791. Gach leabhar agus páipéar a cuireadh igCló tá ainm John Stacey air. File, ealadhantóir, greantóir a b'eadh é leis. Ar na leabhair srl. a cuireadh igcló bhí "A Polyglot Grammar" (comparáid idir Béarla, Gréigis, Laidin, Hebrew agus Gaedhilg) Chéad Nuachtáin na Carraige, The Carrick Recorder or Weekly Collection, an chéad cóip de a cuireadh amach ar an gcéad lá de Mheadhon Foghmhair 1792. D'fhág P. Ó Loinsigh an Charraig sa bhlian 1808 chun bheith na Rúnaidhe ar an gCumann Gaedhilge imBlá Cliath a bhí curtha ar bun ag Theophillas Ó Flanagáin. Níl aon trácht ar John Stacey t'réis 1808.

    Bhí inneall clódóireachta ag Hugh Hearn sa bhaile seo sa bhlian 1816. Chuir sé leabhar Gaedhilge igCló sa Cló Romhánach do Uilliam Ó Mheachair.

    1792-1816 do clóbuaileadh a lán leabhar igCarraig agus ó 1816-1886 ní raibh ach dhá pháipéar ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge